3. Meastacháin agus breithiúnais chuntasaíochta criticiúla

Éilíonn ullmhú na ráiteas airgeadais i gcomhréir le FRS 102 go n-úsáidtear meastacháin agus toimhdí a théann i bhfeidhm ar mhéideanna tuairiscithe na sócmhainní agus na ndliteanas. Measúnaítear meastacháin agus breithiúnais go leanúnach agus tá siad bunaithe ar roinnt tosca eile, lena n-áirítear ionchais maidir le teagmhais amach anseo a chreidtear a bheith réasúnach sna himthosca.

Creideann an lucht bainistíochta go bhfuil na toimhdí bunúsacha a úsáidtear cuí agus go léirítear go cothrom an staid airgeadais agus na torthaí airgeadais i ráitis airgeadais na Cuideachta. Cuirtear síos ar réimsí lena mbaineann leibhéal níos airde breithiúnais nó castachta, nó ar réimsí ina bhfuil toimhdí agus meastacháin tábhachtach do na ráitis airgeadais thíos:

3.1 Na príomhfhoinsí is cúis le héiginnteacht sna meastacháin

Is iad seo a leanas na príomhthoimhdí a bhaineann leis an todhchaí, agus príomhfhoinsí éiginnteachta eile sna meastacháin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe a bhféadfadh baol mór a bheith ag baint leo ó thaobh suimeanna glanluacha na sócmhainní agus na ndliteanas sa chéad bhliain airgeadais eile a choigeartú go hábhartha.

3.1.1 Measúnú ar bhearnú iasachta

Déanann an Chuideachta athbhreithniú ar a punann iasachtaí agus infháltais chun tásc a thabhairt ar bhearnú uair sa bhliain ar a laghad. Agus í ag cinneadh ar chóir go dtaifeadfaí caillteanas bearnaithe sa ráiteas ioncaim ag an dáta tuairiscithe, déanann CBSÉ breithiúnais an bhfuil aon fhaisnéis inbhraite ann a léiríonn anaise ar bhearnú ar dóigh di a bheith ina cúis le moill intomhaiste ar uainiú nó laghdú ar mhéideanna inréadaithe an tsreafa mheasta airgid amach anseo nó nach bhfuil.

Déanann CBSÉ measúnú ar gach iasacht go haonarach ag deireadh na bliana airgeadais agus comhlánaíonn sí tuairisc ghairid, agus aird chuí ar rátáil chreidmheasa gach contrapháirtí (má tá rátáil acu), stair íocaíochta agus feidhmíocht na hiasachta, comhlíonadh cúnant, luach cúlbhannaí bunúsacha, coinníollacha margaidh agus timpeallacht gheilleagrach. Déanann lucht bainistíochta CBSÉ athbhreithniú agus faomhadh ar an measúnú, lena n-áirítear an Ceannasaí Riosca agus an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin.

3.2 Breithiúnais chuntasaíochta chriticiúla nuair atá beartais chuntasaíochta á gcur i bhfeidhm

Ós rud é go mbaineann breithiúnas an lucht bainistíochta le meastachán a dhéanamh ar dhóchúlacht na dteagmhas amach anseo, d’fhéadfadh torthaí iarbhír bheith difriúil ó na meastacháin sin, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar mhéideanna tuairiscithe na sócmhainní agus na ndliteanas amach anseo. Seachas na meastacháin (feic Nóta 3.1 thuas), níor iarradh ar an gCuideachta aon bhreithiúnais chriticiúla bhreise a dhéanamh nuair a bhí a cuid beartais chuntasaíochta á gcur i bhfeidhm aici.

< NÓTA 2

NÓTA 4 >