18. Maoiniú agus iasachtaí

2016
€000
2015
€000
Maoiniú agus iasachtaí iníoctha laistigh de bhliain amháin 122 148
Maoiniú agus iasachtaí iníoctha tar éis níos mó ná bliain amháin 660,000 350,000
660,122 350,148

I Ráiteas na Cuideachta ar an Staid Airgeadais, cuireadh maoiniú agus iasachtaí i láthair mar chinn reatha nó neamhreatha, de réir a gcuid aibíochta. Sa tréimhse roimhe sin cuireadh i láthair iad mar fhigiúr iomlán amháin.

Ráthaigh an tAire Airgeadais na hiasachtaí maoinithe seo, cé is moite de mhaoiniú arna sholáthar ag an gCiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (“CISÉ”), arna bhforáil faoi alt 18 d’Acht CBSÉ 2014.

Bhí iasachtaí dlite ag CBSÉ le cúig mhaoinitheoir ag deireadh na bliana airgeadais (2015: dhá mhaoinitheoir). Is institiúidí airgeadais Eorpacha iad trí cinn de na maoinitheoirí sin agus is aonáin Rialtais Éireann iad an dá cheann eile. Is ionann téarmaí fanta na n-iasachtaí seo agus idir trí agus naoi mbliana agus tabhaíonn CBSÉ ús ag Euribor sé mhí móide corrlach. I gcás fiachais níos faide ná cúig bliana, is meascán d’aisíocaíochtaí bunairgid leathbhliantúla agus cnap-aisíocaíochtaí iad na haisíocaíochtaí ag brath ar théarmaí an chomhaontaithe maoinithe is infheidhme.

Áirítear le Maoiniú agus Iasachtaí na Cuideachta iasacht €25 milliún a tharraing an Chuideachta anuas i rith na bliana óna saoráid iasachta €240 milliún le CISÉ. Is féidir leis an Aire Airgeadais an iasacht sin, agus farasbarr na saoráide, a thiontú ina scairchaipiteal sa Chuideachta. Bheadh gá don Chuideachta scaireanna a eisiúint don Aire Airgeadais i suim a bheadh cothrom leis an iasacht a bheadh á tiontú.

Ag deireadh na bliana airgeadais, bhí €580 milliún (2015: €440m) ag an gcuideachta i saoráidí maoinithe nach raibh tarraingthe anuas.

< NÓTA 17

NÓTA 19 >