13. Bainistíocht Riosca

Tá sé mar aidhm ag an gCuideachta a bheith feasach ar riosca agus a rioscaí a bhainistiú go gníomhach. Mar gheall ar na gníomhaíochtaí ríthábhachtacha a rinne an eagraíocht agus í a bheith ag brath ar a dea-cháil, leagtar béim láidir ar raon cuí rialuithe.

Tá sé mar aidhm ag CBSÉ rioscaí a bhainistiú ar bhealach eolasach agus réamhghníomhach, de réir a goile riosca, ar bhealach a fhágann go bhfuil an leibhéal riosca ag teacht leis an mbunghníomhaíocht ghnó agus go dtuigeann CBSÉ agus go bhfuil sí in ann tionchar riosca a bhainistiú nó a iompar má thagann sé chun críche.

Is iad na príomhchatagóirí rioscaí a shainaithníonn agus a bhainistíonn an Chuideachta ina cuid gnó laethúil agus a bhfuil de chumas aige an tionchar ba mhó a bheith ar ráitis airgeadais na Cuideachta, riosca creidmheasa, riosca leachtachta agus riosca margaidh.

Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca

Tá an Bord freagrach as an ngoile riosca a leagan síos agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht bainistíochta riosca agus í a threorú ar fud CBSÉ. Shainordaigh an Bord go gcomhtháthófaí agus go leabófaí bainistíocht riosca i dton agus i gcultúr CBSÉ.

Tá an Coiste Iniúchta agus Riosca freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú Bheartas agus Chreat Bainistíochta Riosca CBSÉ. Déanann an Coiste Iniúchta agus Riosca iarracht a chinntiú go soláthraíonn samhail rialachais bainistíochta riosca CBSÉ leibhéil neamhspleáchais agus dúshláin atá iomchuí. Tuairiscíonn an Coiste Iniúchta agus Riosca don Bhord go neamhspleách.

Feidhmíonn Beartas agus Creat Bainistíocht Riosca CBSÉ de réir na bprionsabal a leagtar amach sa Chód Cleachtais maidir le Rialachas na gComhlachtaí Stáit 2009.

Braitheann CBSÉ ar na seirbhísí a chuireann GBCN ar fáil do ghnéithe áirithe den bhainistíocht riosca, eadhon:

  • bainistíocht leanúnachas gnó;
  • seirbhísí comhlíonta agus dlí;
  • bainistíocht riosca creidmheasa contrapháirtí chun críocha bainistíocht airgid;
  • seirbhísí iniúchta inmheánaigh.
An chéad líne chosanta:

Tá lucht bainistíochta CBSÉ freagrach as bainistíocht laethúil riosca agus as a chinntiú go mbíonn rialuithe dóthanacha i bhfeidhm agus ag feidhmiú i gceart. Tuairisceoidh an lucht bainistíochta maidir le bainistíocht riosca chuig an gCoiste Iniúchta agus Riosca. Seo a leanas na príomhchéimeanna a úsáidtear sa phróiseas um bainistíocht riosca:

  • Na rioscaí ar fad a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar CBSÉ ag baint amach na gcuspóirí arna mbunú ag an mBord agus ag an lucht bainistíochta a shainaithint, nó sin a chosc (ag cur aon teagmhais stairiúla/ neasteagmhais a d’fhéadfadh baint amach na gcuspóirí sin a bhagairt san áireamh);
  • I gcomhair gach riosca, tionchar tosaigh agus dóchúlacht a tharlaithe a chinneadh;
  • I gcomhair gach riosca, a chinneadh cibé ar féidir glacadh leis an riosca nó an mbeidh gá é a aistriú, a laghdú nó a sheachaint;
  • I gcomhair gach riosca, d’ainneoin a thionchair nó dhóchúlacht a tharlaithe, gníomhartha chun riosca a laghdú a chur san áireamh;
  • Athbhreithniú ar an tionchar iarmharach/dóchúlacht tarlaithe agus go ríthábhachtach stádas an riosca i bhfianaise na ngníomhartha/rialuithe/maolaitheoirí curtha i bhfeidhm;
  • Athbhreithniú agus monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhartha maolaithe ar bhonn leanúnach.
An dara líne chosanta:

Tugann feidhm Riosca CBSÉ agus feidhm Comhlíonta GBCN, maidir le sainréimsí freagrachta, dúshlán agus forbhreathnú neamhspleách chun forfheidhmiú Bheartas agus Chreat Bainistíochta Riosca CBSÉ a chinntiú.

An tríú líne chosanta:

Is í an fheidhm Iniúchta Inmheánaigh an tríú líne chosanta agus soláthraíonn sí deimhniú neamhspleách, réasúnach, riosca-bhunaithe maidir le stóinseacht chóras bainistíochta riosca CBSÉ, maidir le rialachas agus dearadh agus éifeachtacht oibriúcháin thimpeallacht an rialaithe inmheánaigh.

13.1 Riosca creidmheasa

Is é riosca creidmheasa an riosca go dtabhófaí caillteanas airgeadais mar thoradh ar mhainneachtain nó imirce creidmheasa contrapháirtí chuig idirbheart áirithe. D’fhonn a príomhchuspóirí a bhaint amach agus a sainordú a chomhlíonadh, is gá do CBSÉ leibhéal áirithe de riosca creidmheasa a ghlacadh.

Mar phrionsabal bunúsach, déanfaidh CBSÉ iarracht é sin a dhéanamh ar bhealach stuama a ghlacann leis an íosleibhéal riosca creidmheasa chun a cuspóirí a bhaint amach, atá de réir Ráiteas CBSÉ ar Fhonn Riosca. Eascraíonn riosca creidmheasa as teipeadh féideartha iasachtóra ar aghaidh chun a dhualgais chonartha a chomhlíonadh leis an gCuideachta. Eascraíonn príomhriosca creidmheasa CBSÉ ó fheidhmíocht a hiasachtóirí ar aghaidh.

Is é riosca creidmheasa an riosca is tábhachtaí do ghnó na Cuideachta. Dá bhrí sin, bainistíonn an Chuideachta go cúramach a neamhchosaint ar riosca creidmheasa. Déantar tomhas, measúnú agus rialú ar riosca creidmheasa do gach idirbheart nó teagmhas creidmheasa a dhéanann an Chuideachta.

Déanann CBSÉ iarracht a neamhchosaint ar riosca creidmheasa a íoslaghdú trí thabhairt faoi phróiseas fairsing díchill chuí roimh aon chinntí iasachtaithe. Áirítear i bpróiseas um bainistíocht riosca creidmheasa na Cuideachta na nithe seo a leanas:

  • measúnú cuimsitheach ar gach iasachtóir ar aghaidh ionchais, a bhainistíocht, chumas oibriúcháin, thaithí foscríofa creidmheasa, fheidhmíocht airgeadais, bhainistíocht riosca, chórais, thairiscint táirge agus chuma aisíocaíochta;
  • cuairteanna ar an suíomh agus cruinnithe duine le duine le bainistíocht;
  • measúnú ar fheidhmíocht airgeadais an iasachtóra ar aghaidh ionchais trí thagairt don fhaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear cuntais iniúchta, cuntais bhainistíochta agus meastacháin airgeadais;
  • dícheall cuí tráchtála neamhspleách i dtaca le soláthraithe maoinithe neamhbhainc;
  • dícheall cuí dlíthiúil neamhspleách;
  • anailís ar chumas aisíocaíochta iasachtóra ar aghaidh, lena n-áirítear léiriú soiléir agus réasúnach ar chumas iasachtóra ar aghaidh a dhualgais a shásamh agus fiacha CBSÉ a íoc ina n-iomláine;
  • athbhreithniú riosca neamhspleách agus ceadú Cheannasaí Riosca CBSÉ le haghaidh gach iasachtóra ar aghaidh féideartha;
  • comhthaobhacht imleor a fháil i dtaca le hiasachtaí (nuair is iomchuí), lena n-áirítear urrús de mhuirear seasta nó comhlúthach thar shócmhainní an iasachtóra ar aghaidh;
  • tá gach cinneadh creidmheasa forchoimeádta don Bhord, nó do choistí iomchuí an Bhoird;
  • monatóireacht agus athbhreithniú leanúnach ar áiseanna creidmheasa;
  • athbhreithniú rialta ar chomhlíonadh na gcúnant agus na ngealltanas gabháltais faoi seach, agus aon téarmaí agus coinníollacha arna gcur i bhfeidhm ag CBSÉ;
  • próiseas athbhreithnithe foirmiúil ar iasachtóirí ar aghaidh a chuirtear i gcrích ar bhonn bliantúil, ar a laghad, maidir le gach iasachtóir ar aghaidh faofa;
  • measúnú ar riachtanais cúlbhannaí i gcomhthéacs roinnt tosca lena n-áirítear láidreacht airgeadais an iasachtóra ar aghaidh.

Is ionann an uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa do shócmhainní airgeadais ag a bhfuil riosca creidmheasa amhail an 31 Nollaig 2016 agus €928.9 milliún (2015: €872.2 milliún). Cuirtear an uas- neamhchosaint sin ar riosca creidmheasa i láthair trí aicme na hionstraime airgeadais thíos agus áirítear leis freisin tiomantais iasachta na Cuideachta ag deireadh na bliana airgeadais:

2016
€000
2015
€000
Iasachtaí agus infháltais 656,444 235,603
Airgead agus coibhéisí airgid 21,544 120,642
677,988 356,245
Tiomantais iasachta 251,000 516,000
928,988 872,245

Leagtar amach sa tábla thíos cáilíocht chreidmheasa shócmhainní airgeadais na Cuideachta. Tá an anailís bunaithe ar rátálacha Standard & Poor nuair is infheidhmithe.

2016
€000
2015
€000
AAA - 114,999
A+ 21,544 -
A - 5,643
BBB- go BB+ 601,328 235,603
Gan rátáil 55,116 -
677,988 356,245

13.2 Riosca leachtachta

Is ionann riosca leachtachta agus an riosca a bhaineann le neamhábaltacht na Cuideachta gach ceann dá hoibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh mar agus nuair a bhíonn siad dlite. Is é sin an riosca caillteanais a eascraíonn as cás nach mbeidh dóthain airgid ann chun oibríochtaí laethúla a mhaoiniú.

Áirítear le próiseas bainistíochta riosca leachtachta na Cuideachta:

  • Cloí le Beartas Bainistíochta Riosca Leachtachta agus Margaidh CBSÉ agus teorainneacha gaolmhara;
  • Bainistíocht maoinithe laethúil, lena n-áirítear monatóireacht ar shreafaí ionchais airgid amach anseo, e.g. ceangaltais iasachta amach anseo, chun a chinntiú go bhféadtar riachtanais a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite.
  • Bainistíocht sócmhainní agus dliteanas trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an bpróifíl aibíochta laistigh de Ráiteas na Cuideachta ar an Staid Airgeadais chun a chinntiú go gcoimeádtar acmhainní leordhóthanacha airgid agus/nó go mbunaítear maoiniú i gcásanna gur dócha go dtarlóidh mí-oiriúnuithe, rud a íoslaghdóidh tionchar an eis-sreafa leachtachta.
  • A riosca leachtachta a bhainistiú trí phróifíl aibíochta a sócmhainní agus dliteanais a ailíniú, a mhéad agus is indéanta, chun riosca athmhaoinithe a dhíbirt a mhéad agus is féidir. Faigheann CBSÉ maoiniú fadtéarma ar ráta comhlúthach óna maoinitheoirí, agus nuair is féidir cuireann sí struchtúir ar éirim agus ar sceideal aisíocaíochta a hiasachtaí chun an phróifíl aibíochta mhaoinithe sin a léiriú.
  • Maolán leachtachta airgid a chothabháil le dul i ngleic le haon riachtanais leachtachta ghearrthéarma a thiocfadh chun cinn.

Tá achoimre sa tábla thíos ar uainiú na n-aisíocaíochtaí conarthachta atá dlite ag an gCuideachta. Cuirtear na méideanna i láthair anseo go gan lascaine. Áirítear dliteanais eile de €14.3 milliún (2015: €428k) (Feic Nóta 17) ann freisin. Cuimsítear i méideanna inaisíoctha “tráth nach déanaí ná 1 bhliain amháin” ús fabhraithe agus dliteanais eile, cuimsítear i méideanna iníoctha “níos mó ná 1 bhliain amháin” aisíocaíochtaí ar phríomhiasachtaí le maoinitheoirí.

2016 Tráth nach
déanaí ná 1
bhliain amháin
€000
1-5
bliana
€000
Os cionn
5 bliana
€000
Iomlán
€000
Aisíocaíochtaí dlite 14,461 349,103 310,897 674,461
2015 Tráth nach
déanaí ná 1
bhliain amháin
€000
1-5
bliana
€000
Os cionn
5 bliana
€000
Iomlán
€000
Aisíocaíochtaí dlite 576 91,026 258,974 350,576

13.3 (a) Riosca margaidh

Is é atá i gceist le riosca margaidh an riosca go luaineoidh luach cóir nó sreafaí airgid amach anseo ionstraime airgeadais de bharr athruithe ar phraghsanna an mhargaidh. Tá riosca margaidh comhdhéanta de dhá chineál riosca: riosca ráta úis agus riosca airgeadra. Eascraíonn rioscaí margaidh ó shuíomhanna oscailte i dtáirgí ráta úis nó airgeadra, atá neamhchosanta ar ghluaiseachtaí ginearálta agus sonracha margaidh, agus ar athruithe ar leibhéal luaineachta rátaí úis. Bainistíonn CBSÉ a riosca margaidh de réir Bheartas um Bainistíocht Riosca Leachtachta agus Margaidh CBSÉ agus teorainneacha gaolmhara.

Riosca ráta úis

Tá an Chuideachta neamhchosanta ar riosca ráta úis ar a cuid iasachtaí agus infháltais agus ar a hairgead agus coibhéisí airgid. Nuair is féidir, léiríonn áiseanna iasachtaithe CBSÉ próifíl riosca ráta úis na gcomhaontuithe iasachtaithe bunúsacha d’fhonn eachtraí neamhréirí ráta úis ábhartha a íoslaghdú. Aithneoidh agus déanfaidh CBSÉ monatóireacht agus bainistiú ar aon riosca iarmharach.

Mar gheall go bhfuil próifíl riosca reatha CBSÉ do mhaoiniú agus iasachtú ar aghaidh ar bhonn ráta comhlúthach sé mhí, áfach, tá a neamhchosaint ar riosca ráta úis teoranta. Seach-chuirtear go mór aon mhíréirí a eascraíonn mar go n-athshocraítear rátaí úis. I gcás míréir athshocraithe mór nó i gcás nach ionann bunúis na socruithe, lorgóidh CBSÉ na seasaimh sin a fhálú.

Leagtar amach thíos na méideanna atá neamhchosanta ar riosca ráta úis amhail an 31 Nollaig 2016:

2016
€000
2015
€000
Sócmhainní Airgeadais
Airgead agus coibhéisí airgid 21,544 120,642
Iasachtaí agus infháltais 656,444 235,603
677,988 356,245
2016
€000
2015
€000
Dliteanais airgeadais
Maoiniú agus iasachtaí 660,122 350,148
Riosca airgeadra

Níl CBSÉ neamhchosanta go díreach ar riosca airgeadra, mar go ndéantar a gníomhaíochtaí maoinithe agus iasachta ar fad in euro.

13.3 (b) Tomhas riosca margaidh

Íogaireacht riosca ráta úis

Ní gá go léiríonn eolas a sholáthraítear san anailís íogaireachta an t-athrú iarbhír ar luach cóir a thabhódh an Chuideachta faoi ghnáthchoinníollacha margaidh mar, de bharr teorainneacha praiticiúla, coimeádtar gach athróg, seachas an toisc shonrach riosca margaidh, seasmhach.

Léirítear sa tábla seo a leanas an íogaireacht ráta úis a eascraíonn as méadú nó laghdú de 50 bonnphointe ar an ráta úis. Tomhaistear an riosca mar thionchar an ghlanluacha reatha, ar shreafaí airgid na n-iasachtaí infhaighte agus iníoctha mar thoradh ar an athrú sin ar rátaí úis. Tá na rátaí úis leagtha síos amhail an 31 Nollaig 2016.

Anailís Íogaireachta Ráta Úis – bogadh 50bp
2016 +50bp
€000
-50bp
€000
Glantionchar ar shreabhadh airgid (520) 779
2015 +50bp
€000
-50bp
€000
Glantionchar ar shreabhadh airgid 225 (659)

Níl na híogaireachtaí ráta úis siméadrach mar gheall ar roinnt tosca, lena n-áirítear próifíl aibíochta na punainne agus dátaí íocaíochta úis na n-iasachtaí. Bainistítear próifíl aibíochta na punainne go gníomhach agus athróidh sí le himeacht aimsire.

13.4 Bainistíocht caipitil

Níl an Chuideachta faoi réir riachtanais chaipitil arna gcur i bhfeidhm go seachtrach. Tá an Chuideachta tiomanta do chinntiú go bhfuil dóthain caipiteal aici mar go bhfuil riosca ann nach mbeadh an Chuideachta in ann aon chaillteanais chreidmheasa féideartha a iompar mar gheall ar bhainistíocht mhíchuí ar a caipiteal. Is ionann scairchaipiteal íoctha CBSÉ amhail an 31 Nollaig 2016 agus €10 milliún, a chuir scairshealbhóir aonair CBSÉ, an tAire Airgeadais, ar fáil. Anuas air sin, bhí caipiteal inghlaoite €240 milliún ar fáil do CBSÉ ar féidir léi a ghlaoch dá lánrogha ón Aire Airgeadais, arna fhoráil in Acht CBSÉ 2014. I rith mhí na Nollag 2016, dúirt an Chuideachta leis an Aire Airgeadais go raibh sí ag iarraidh ar an Aire Airgeadais suibscríobh i gcomhair luach €25 milliún de chaipiteal cothromais breise. Shuibscríobh an tAire Airgeadais i gcomhair scaireanna breise arbh fhiú €25 milliún iad i mí Feabhra 2017 (feic Nóta 25).

Áirítear le próiseas um bainistiú riosca caipitil na Cuideachta cloí leis na riachtanais faoi leordhóthanacht caipitil i Ráiteas CBSÉ ar Fhonn Riosca lena chinntiú go mbíonn dóthain caipiteal aici chun aon chaillteanais fhéideartha a iompar. Déanann an Bord athbhreithniú ar an leorgacht chaipitil mar chuid dá athbhreithniú rialta ar thuairisciú riosca ag gach cruinniú sceidealaithe den Bhord.

13.5 An Scéim Ráthaíochta Creidmheasa

Ar an 13 Deireadh Fómhair 2016, ghlac CBSÉ an ról mar oibreoir agus bainisteoir na scéimeanna go léir arna gcruthú faoi na hAchtanna um Ráthaíocht Chreidmheasa 2012 agus 2016 thar ceann an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Níl aon neamhchosaint ar riosca creidmheasa ag CBSÉ i ndáil leis na ráthaíochtaí creidmheasa arna n-eisiúint faoi na Scéimeanna seo. Is ról riaracháin amháin atá ag CBSÉ, agus bainistíonn CBSÉ an riosca oibriúcháin a eascraíonn as próiseáil na n-íocaíochtaí agus na n-éileamh faoina próisis agus nósanna imeachta inmheánacha.

13.6 Riosca comhchruinnithe

Is é is riosca comhchruinnithe ann an riosca go nochtfaí an Chuideachta le haon neamhchosaint nó grúpa neamhchosaintí a bhfuil sé de chumas acu bheith ina gcúis le caillteanais sách mór chun cumas na Cuideachta le leanúint ag feidhmiú mar ghnóthas leantach a bhagairt.

Bainistíonn an Chuideachta an riosca sin trí chloí leis na teorainneacha arna leagan amach sa Ráiteas ar Fhonn Riosca a d’fhaomh an Bord agus atá faoi réir athbhreithniú rialta an Bhoird. Sainmhínítear sa Ráiteas ar Fhonn Riosca na huasmhéideanna áiseanna creidmheasa a thiomáinfear do chatagóirí áirithe iasachtóra, i dtéarmaí iomlána agus go coibhneasach le háiseanna creidmheasa tiomanta foriomlána CBSÉ. Téitear i ngleic sa Ráiteas ar Fhonn Riosca chomh maith leis an riosca comhchruinnithe i measc mhaoinitheoirí CBSÉ tríd an uas-chomhchruinniú ceadaithe i dtéarmaí neamhchosaint le haon mhaoinitheoir amháin a shainmhíniú.

Tá sé i gceist go gcinnteofaí leis na bearta seo go bhfuil punann fhoriomlán na próifíle riosca sách éagsúil, agus nach bhfuil an iomarca neamhchosanta ar aon chomhchruinniú riosca inti.

Tá príomh-chomhchruinniú tíreolaíoch shócmhainní riosca na Cuideachta in Éirinn, agus baineann príomh- chomhchruinniú earnála an riosca le hinstitiúidí airgeadais agus neamhairgeadais, a eascraíonn as a sainordú reachtúil chun creidmheas a chur ar fáil d’aonáin agus do dhaoine sa Stát, arna leagan amach in Acht CBSÉ 2014. Is ionann neamhchosaint riosca comhchruinnithe tíreolaíoch na Cuideachta óna cuid iasachtaí agus infháltais agus €656.4 milliún (2015: €235.6m).

Tá príomh-chomhchruinniú dliteanais na Cuideachta le maoinitheoirí Éireannacha agus Eorpacha.

< NÓTA 12

NÓTA 14 >