23. Nochtadh Páirtithe Gaolmhara

23.1  Páirtithe gaolmhara

An tAire Airgeadais

Is leis an Aire Airgeadais amháin scairchaipiteal eisithe CBSÉ. Féadfar scairchaipiteal údaraithe na Cuideachta a mhéadú chuig méid eile, suas le huasmhéid €1,000,000,000, de réir mar a chinnfidh an tAire Airgeadais é de réir ordú ó am go ham de bhun alt 11 d’Acht CBSÉ 2014.

GBCN

Tugann GBCN seirbhísí foirne agus tacaíochta gnó do CBSÉ. Gearrtar na táillí a thabhaíonn GBCN ar CBSÉ, de réir théarmaí an Chomhaontaithe Leibhéal Seirbhíse idir CBSÉ agus GBCN. Ina theannta sin, soláthraíonn GBCN foinse maoinithe do CBSÉ.

Aonáin eile faoi riail an Rialtais

Is páirtithe gaolmhara de CBSÉ iad an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (“CISÉ”), Banc Ceannais na hÉireann, Bainc-Aontas Éireann PLC agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) mar go bhfuil gach ceann faoi riail an Aire Airgeadais.

Airí agus Ranna Rialtais

Is páirtithe gaolmhara de CBSÉ iad an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, agus a gcuid Airí faoi seach, mar go bhfuil an dá Roinn sin faoi riail Stát na hÉireann agus is é an Stát úinéir na Cuideachta sa deireadh thiar.

Príomhphearsanra bainistíochta

Rialaíonn Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Cuideachta agus an Bord an Chuideachta. Tá Príomhfheidhmeannach GBCN ina chomhalta ex officio den Bhord. Tá údarás agus freagracht ag Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CBSÉ agus ag an mBord as pleanáil, as stiúradh agus as rialú gníomhaíochta CBSÉ agus, dá bhrí sin, is príomhphearsanra bainistíochta i CBSÉ iad. Nochtar méideanna a íoctar le príomhphearsanra bainistíochta i Nótaí 8 agus 9.

23.2  Idirbhearta agus iarmhéideanna le páirtithe gaolmhara

Áis Iasachta CISÉ

Tharraing an Chuideachta €25 milliún anuas (2015: Nialas) óna saoráid iasachta ar fiú €240 milliún í (2015: €240 milliún) le CISÉ i rith na bliana airgeadais. Tá méid iomlán na hiasachta sin fós le híoc ag deireadh na bliana airgeadais agus áirítear é sna figiúirí maoinithe agus iasachtaithe sa Ráiteas ar an Staid Airgeadais.

Athmhuirear GBCN

Tabhaíonn GBCN costais as reáchtáil CBSÉ, costais a athghearrann siad ar an gCuideachta. B’ionann iomlán na gcostas sin don bhliain airgeadais agus €3.8 milliún (2015: €3.7 milliún). Nochtar i Nóta 8 tuilleadh sonraí ar na costais sin. Tá €0.2 milliún (2015: €0.4 milliún) iníoctha le GBCN ag deireadh na bliana airgeadais.

Bogearraí arna bhforbairt ag GBCN

Cheannaigh CBSÉ bogearraí arna bhforbairt go hinmheánach ag GBCN ar chostas €0.4 milliún (2015: €0.5 milliún) i rith na tréimhse airgeadais. Baineann €47,000 (2015: €47,000) den €0.2 milliún iníoctha le GBCN ag deireadh na bliana airgeadais le ceannach bogearraí.

Saoráid Iasachta GBCN

I rith na bliana airgeadais, chuaigh an Chuideachta isteach i gclár nótaí iasachta arbh fhiú €250 milliún é le GBCN. D’eisigh an Chuideachta luach €85 milliún de nótaí iasachta do GBCN i rith na bliana airgeadais. Tá aisíocaíocht na nótaí iasachta sin le GBCN fós le híoc ag deireadh na bliana airgeadais agus áirítear é sna figiúirí maoinithe agus iasachtaithe sa Ráiteas ar an Staid Airgeadais.

An Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta

Fuair an Chuideachta maoiniú dar luach €13.9 billiún ón Aire Talmhaíochta i rith na bliana airgeadais maidir leis an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta a sheol an Chuideachta leis an Aire Talmhaíochta an 31 Eanáir 2017. Feic Nóta 17 chun tuilleadh sonraí a fháil faoin scéim agus maidir leis an maoiniú a fuarthas ag deireadh na bliana airgeadais.

Scéimeanna Ráthaíochta Creidmheasa

I rith na bliana airgeadais d’fhabhraigh an Chuideachta luach €0.29 milliún (2015: Nialas) d’ioncam ó tháillí as a ról i riar na Scéimeanna a cruthaíodh faoi na hAchtanna um Ráthaíocht Creidmheasa 2012 agus 2016 thar ceann an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Bhí méid iomlán an ioncaim sin infhaighte ag an gCuideachta ag deireadh na bliana airgeadais. Feic Tuarascáil na Stiúrthóirí agus Nóta 7 chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le ról CBSÉ sna scéimeanna sin.

Cuntas Bhanc Ceannais na hÉireann

Ag deireadh na bliana airgeadais, ní raibh aon airgead ag an gCuideachta (2015: €114.9 milliún) i mBanc Ceannais na hÉireann. Mar sin féin, bhí €8,000 (2015: €1,000) d’ús iníoctha ag an gCuideachta le Banc Ceannais na hÉireann.

Bainc-Aontas Éireann, cpt

D’eisigh an Chuideachta iasachtaí do Bhainc-Aontas Éireann, cpt i rith na tréimhse airgeadais chun críche iasachtaí ar aghaidh do GBManna Éireannacha. Bhí na hiasachtaí sin fós dlite ag deireadh na bliana airgeadais agus áirítear iad i bhfigiúr na n-iasachtaí agus infháltas sa Ráiteas ar an Staid Airgeadais.

Cíos GNBS

I rith na bliana airgeadais, thabhaigh an Chuideachta costais €43,000 (2015: Nialas) atá iníoctha le GNBS as úsáid spás oifige. Áiríodh an tsuim sin i speansais oibriúcháin agus tá sé iníoctha ag deireadh na bliana airgeadais.

< NÓTA 22

NÓTA 24 >