Coistí

Tuarascáil an Choiste Iniúchta agus Riosca

Chuidigh an Coiste Iniúchta agus Riosca leis an mBord chun maoirseacht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • caighdeán agus sláine na ráiteas airgeadais; athbhreithniú agus monatóireacht ar éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh; an próiseas iniúchta inmheánaigh agus an fheidhm chomhlíonta; agus athbhreithniú ar na haschuir ón iniúchóir reachtúil, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • creat bainistíochta riosca CBSÉ, lena n-áirítear an fonn riosca a shocrú; monatóireacht ar mar atáthar ag cloí le rialachas rioscaí agus a chinntiú go sainaithnítear, go measúnaítear, go mbainistítear agus go dtuairiscítear rioscaí go cuí.
    Tá triúr comhaltaí neamhfheidhmiúcháin den Bhord ar an gCoiste:
    • Tom McAleese (An Cathaoirleach)
    • Barbara Cotter
    • Eilis Quinlan

Ní dhearnadh aon athrú ar bhallraíocht an Choiste i rith 2016.

Tháinig an Coiste le chéile sé huaire in 2016. Áiríodh iad seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an Choiste in 2016:

Tuairisciú airgeadais

Rinne an Coiste athbhreithniú ar na ráitis airgeadais sular mhol siad don Bhord iad. Díríodh san athbhreithniú ar na modhanna cuntasaíochta, ar Acht na gCuideachtaí 2014 agus ar shoiléire agus ar iomláine an nochta.

Rialuithe Inmheánacha

D’athbhreithnigh an Coiste leorgacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na ráiteas a bhí le cur san áireamh sna ráitis airgeadais maidir le rialuithe inmheánacha. Tuairiscíodh torthaí an Choiste chuig an mBord.

Comhlíonadh

D’athbhreithnigh an Coiste agus mhol sé don Bhord go ndéanfaí roinnt beartas a bhain le comhlíonadh a thabhairt chun dáta lena n-áirítear an Tuairisciú ar “Éagóir Ábhartha” agus an Beartas maidir le Nochtadh Cosanta. Fuair sé an Tuarascáil Bhliantúil ar Chomhlíonadh agus d’athbhreithnigh sé na seirbhísí a cuireadh i gcrích.

Iniúchadh Reachtúil

Rinne an Coiste athbhreithniú ar an bplean iniúchta sheachtraigh roimh an iniúchadh agus tháinig sé le chéile leis an iniúchóir seachtrach chun athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí ar an iniúchadh a rinne sé ar na ráitis airgeadais. D’athbhreithnigh sé freisin freagairtí an lucht bainistíochta ar thorthaí agus ar chur i bhfeidhm mholtaí an iniúchóra ar bhonn leanúnach. Bhuail an Coiste go príobháideach leis an iniúchóir seachtrach in 2016.

Iniúchadh Inmheánach

Fuair an Coiste tuairiscí rialta ón iniúchóir inmheánach. D’athbhreithnigh sé na príomhthátail ó thoradh athbhreithnithe iniúchta inmheánaigh aonair a cuireadh i gcrích faoi phlean iniúchta inmheánaigh riosca- bhunaithe 2016 a forbraíodh agus inar díríodh ar na príomhrioscaí os comhair CBSÉ. Rinne sé monatóireacht ar chur i bhfeidhm mholtaí an iniúchta inmheánaigh agus d’athbhreithnigh agus cheadaigh sé plean iniúchta inmheánaigh 2017.

Bhuail an Coiste go príobháideach le Ceannasaí Iniúchta Inmheánaigh GBCN in 2016 agus d’athbhreithnigh sé éifeachtacht an iniúchóra inmheánaigh.

Riosca

Mhol an Coiste go dtabharfaí an Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca chun dáta, agus an Ráiteas ar Fhonn Riosca don Bhord. Fuair sé tuairiscí rialta ón gCeannasaí Riosca maidir le rioscaí CBSÉ agus na rialuithe atá i bhfeidhm chun rioscaí a mhaolú. Rinne sé monatóireacht ar dhul chun cinn na feidhme Riosca ó thaobh bainistíocht riosca a fhorbairt, lena n-áirítear rioscaí atá ag teacht chun cinn a thuairisciú.

Rinne an Coiste athbhreithniú ar a théarmaí tagartha agus mhol sé roinnt leasuithe don Bhord. Ghlac an Bord leis na leasuithe sin. Rinne sé athbhreithniú freisin ar a fheidhmíocht féin.

Ceadaíodh tosaíochtaí an Choiste maidir le 2017 mar chuid dá Chlár Oibre le haghaidh 2017.

Nuashonrú ar an gCoiste Luach Saothair

Bhunaigh an Bord Coiste Luach Saothair i mí Mheán Fómhair 2016 chun comhairle a chur ar an mBord ar chúrsaí a bhaineann le luach saothair. Tá triúr comhaltaí ar an gCoiste:

  • Rosheen McGuckian (An Cathaoirleach)
  • Ann Nolan
  • Conor O’Kelly

I ndiaidh chinneadh an Bhoird an Coiste a bhunú, bhuail sé le chéile uair amháin roimh dheireadh 2016 chun machnamh a dhéanamh ar a théarmaí tagartha.

Nuashonrú ar an gCoiste Creidmheasa

Bhunaigh an Bord Coiste Creidmheasa i mí Feabhra 2017 chun cuidiú leis an mBord athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí creidmheasa agus iad a fhaomhadh, agus chun maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar riosca creidmheasa. Tá beirt chomhaltaí ceaptha den Bhord ar an gCoiste, an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus nach mó ná beirt ar comhaltaí foirne sinsearacha de CBSÉ nó GBCN iad. Tá ceathrar comhaltaí ar an gCoiste:

  • Richard Pelly (An Cathaoirleach)
  • Rosheen McGuckian
  • Nick Ashmore
  • Ray Mangan (An Ceannasaí Riosca, CBSÉ)

Tá folúntas amháin ar an gCoiste faoi láthair.