Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara agus Piaraí

Aithníonn CBSÉ grúpa leathan páirtithe leasmhara a bhfuil leas acu ina cuid gníomhaíochtaí. Dá réir measann sí gur rud criticiúil é rannpháirtíocht páirtithe leasmhara lena chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí CBSÉ ag teacht le beartas an rialtais agus ag freastal ar riachtanais maoinithe mhargadh na hÉireann. Éiríonn le CBSÉ é sin a bhaint amach trí rannpháirtíocht agus comhoibriú rialta éifeachtach le gach páirtí leasmhara lena n-áirítear GBManna, comhlachtaí ionadaíocha, comhairleoirí GBM, ranna rialtais, comhpháirtithe agus maoinitheoirí iasachtaithe ar aghaidh.

Tá Bainc/Institiúidí Spreagtha nó Forbartha Náisiúnta i bhfeidhm ar fud na hEorpa chun dul i ngleic le teipeanna a aithníodh sa mhargadh ar bhonn áitiúil nó réigiúnach. Cé go bhféadfadh éagsúlacht a bheith ina sainorduithe faoi seach ag brath ar thosaíocht dlínse, tá cuspóir comónta acu go léir, rud a spreag grúpaí nó cumainn líonra láidre atá dírithe go sonrach ar an margadh. Is ball de NEFI (an Líonra Eorpach d’Institiúidí Airgeadais) agus ELTIA (an Cumann Eorpach d’Infheisteoirí Fadtéarmacha) í CBSÉ. Tugann na fóraim sin an tacaíocht agus an taithí do CBSÉ ó mhargaí eile atá luachmhar di agus í ag forbairt a róil i margadh na hÉireann. Soláthraíonn CBSÉ, mar institiúid spreagtha náisiúnta, meán idirghabhála áitiúil chuig margadh na hÉireann le haghaidh tionscnaimh maoinithe de chuid an Aontais Eorpaigh agus bhí sí ina ball de ghrúpa oibre an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Bainc/Institiúidí Spreagtha nó Forbartha Náisiúnta chun Plean Infheistíochta na hEorpa a sheachadadh don Eoraip (ar ar tugadh “Plean Juncker1” freisin) i rith 2016.

  • Is clár uaillmhianach infheistíochta é “Plean Juncker” nó “Plean Infheistíochta Bonneagair an Aontais Eorpaigh” a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker den chéad uair i mí na Samhna 2014. Tá sé mar aidhm leis infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a scaoileadh isteach san “fhíorgheilleagar” agus luach €315 billiún ar a laghad i gceist thar thréimhse fhioscach trí bliana