4. Beartais shuntasacha chuntasaíochta

4.1 Bonn ullmhúcháin

Ullmhaítear na ráitis airgeadais ar bhonn an ghnóthais leantaigh agus tá Bord Stiúrthóirí na Cuideachta (“an Bord”) sásta go leanfaidh an Chuideachta mar ghnóthas leantach go ceann i bhfad.

Ina thuairim ar cé acu an bhfuil cuntasaíocht ar bhonn an ghnóthais leantaigh cuí nó nach bhfuil, thug an Bord aird ar fheidhmeanna CBSÉ mar a leagtar amach in Acht CBSÉ 2014 agus i Meamram Comhlachais CBSÉ, agus creideann sé go bhfuil sé réasúnta a cheapadh, mar gheall ar chuspóir na reachtaíochta, go ndéanfaidh an Stát bearta cuí chun a chinntiú go mbeidh an Chuideachta in ann a sainordú a chomhlíonadh. Shocraigh an Bord i mí na Nollag 2016 scairchaipiteal breise de €25 milliún a eisiúint agus dheimhnigh an tAire Airgeadais go raibh sé mar rún aige i mí Eanáir 2017 suibscríobh le haghaidh tuilleadh scaireanna le luach €25 milliún. Cuireadh an t-idirbheart sin i gcrích i mí Feabhra 2017.

Is iad feidhmeanna na Cuideachta, i measc nithe eile, creidmheas breise a chur ar fáil agus soláthar creidmheasa bhreise a chur chun cinn ar bhealach stuama chuig ontair nó daoine eile sa Stát, GBManna go háirithe, agus chun airgeadas a chur ar fáil do thionscadail a chuireann forbairt gheilleagrach an Stáit chun cinn.

Tá gníomhaíochtaí na Cuideachta faoi réir tosca riosca, lena n-áirítear riosca creidmheasa, riosca leachtachta, riosca comhchruinnithe agus riosca caipitil. Rinne an Bord athbhreithniú ar na tosca riosca seo agus ar gach eolas ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chumas na Cuideachta leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Déanann an Bord agus an Coiste Iniúchta agus Riosca athbhreithniú ar phríomhghnéithe de ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta ar bhonn leanúnach agus déanann siad athbhreithniú, nuair is cuí, ar na toimhdí criticiúla a mbuntacaíonn lena straitéisí fadtéarmacha.

Cuirtear na ráitis airgeadais i láthair in euro (€), airgeadra feidhmiúil agus cuir i láthair na Cuideachta. Luaitear na giúirí a léirítear sna ráitis airgeadais ina mílte €.

Mar a cheadaítear le mír 4 i Sceideal 3 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, chuir na Stiúrthóirí na socruithe agus na ceannteidil agus na fo-cheannteidil a éilítear ar shlí eile le Formáid 1 Cuntas Brabúis agus Caillteanais in oiriúint toisc go n-éilíonn gnó speisialta na Cuideachta go ndéanfaí a leithéid d’oiriúnú.

4.2 Bonn tomhais

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil.

4.3 Ionstraimí airgeadais

Aithníonn agus tomhaiseann an Chuideachta a sócmhainní airgeadais agus a dliteanais airgeadais de réir IAS 39 arna cheadú ag FRS 102. Cinneann an Chuideachta aicmiú a cuid ionstraimí airgeadais ag aithint tosaigh.

4.4 Sócmhainní Airgeadais

Iasachtaí agus infháltais

Is ionann iasachtaí agus infháltais agus sócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha lena ngabhann íocaíochtaí seasta nó athraithigh nach bhfuil luaite i margadh gníomhach. Tráth an aitheantais tosaigh, tomhaistear na hiasachtaí ag luach cóir móide costais incriminteacha idirbhirt dhírigh atá inchurtha go díreach le heisiúint na hiasachta. Tomhaistear ina dhiaidh sin iad de réir costas amúchta trí úsáid a bhaint as Modh an Ghlanráta Úis arna leagan amach i Nóta 4.7.

4.5 Dliteanais airgeadais

Níl aon dliteanais airgeadais ag an gCuideachta ag deireadh na bliana ach amháin maoiniú agus iasachtaí. Is ionann iasachtaí maoinithe agus na hiasachtaí sin arna dtarraingt anuas ag an gCuideachta óna maoinithe d’fhonn tacú lena gníomhaíochtaí iasachtaithe ar aghaidh. Aithníonn an Chuideachta na hiasachtaí seo ina Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais ar an dáta ar tarraingíodh anuas an iasacht. Tomhaistear na hiasachtaí seo i dtosach de réir luach cóir móide costais incriminteacha idirbhirt dhírigh atá inchurtha go díreach le heisiúint an dliteanais airgeadais. Tomhaistear ina dhiaidh sin iad de réir costas amúchta trí úsáid a bhaint as Modh an Ghlanráta Úis.

4.6 Dí-aithint sócmhainní agus dliteanais airgeadais

Dí-aithnítear sócmhainní airgeadais nuair a scoireann na cearta conartha chun an sreabhadh airgid a fháil ó na sócmhainní seo de bheith ann nó nuair a aistrítear na sócmhainní agus nuair a aistrítear go mór gach riosca agus luach saothair úinéireacht na sócmhainní freisin. Dí-aithnítear dliteanais airgeadais nuair a fhuasclaítear iad nó nuair a mhúchtar ar shlí eile iad.

4.7 Ioncam agus speansas úis

Aithnítear ioncam agus speansas úis do gach ionstraim airgeadais sa Ráiteas Ioncaim trí úsáid a bhaint as Modh an Ghlanráta Úis.

Is ionann Modh an Ghlanráta Úis agus modh chun costas amúchta sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a ríomh agus chun ioncam úis nó speansas úis a leithdháileadh thar an tréimhse airgeadais ábhartha. Is é an Glanráta Úis an ráta a lascainíonn go díreach íocaíochtaí measta airgid nó fáltais mheasta airgid amach anseo thar shaolré ionchasach na hionstraime airgeadais le glansuim ghlanluacha na sócmhainne nó dliteanais airgeadais. Agus an Glanráta Úis á ríomh, déanann an Chuideachta meastachán ar shreafaí airgid, ag cur gach téarma conarthach de chuid na hionstraime airgeadais san áireamh.

Chomh luath agus a leagtar anuas sócmhainn airgeadais mar thoradh ar chaillteanas bearnaithe, aithnítear ioncam úis trí úsáid a bhaint as an ráta bunaidh úis a úsáidtear chun sreafaí airgid amach anseo a lascainiú d’fhonn an caillteanas bearnaithe a thomhas.

Tugtar cuntas ar ioncam úis infhaighte ar iasachtaí le hiasachtóirí ar aghaidh i ngníomhaíochtaí oibriúcháin sa Ráiteas ar Shreafaí Airgid toisc go bhfuil iasachtú ar aghaidh mar chroí-oibríocht de chuid na Cuideachta. Tugtar cuntas ar gach ioncam úis eile i ngníomhaíochtaí infheistíochta toisc go mbaineann sé le gníomhaíochtaí bainistíochta airgid thirim.

Cuirtear an speansas úis a íoctar ar iasachtaí ó mhaoinithe i láthair laistigh de ghníomhaíochtaí oibriúcháin sa Ráiteas ar Shreafaí Airgid. Cuirtear an speansas úis a íoctar ar éarlaisí airgid agus ar tháirgí bainistíochta airgid i láthair i ngníomhaíochtaí infheistíochta sa Ráiteas ar Shreafaí Airgid agus aicmítear é mar speansas úis eile i Nóta 6.

4.8 Ioncam eile

Tá an t-ioncam a fhaigheann CBSÉ ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, mar oibreoir agus mar bhainisteoir na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa, bunaithe ar na costais a thabhaíonn CBSÉ chun an tseirbhís sin a sholáthar. Faigheann CBSÉ aisíocaíocht ar chostais tabhaithe amháin.

4.9 Bearnú sócmhainní airgeadais

Measann an Chuideachta, ag deireadh gach tréimhse airgeadais, an bhfuil anaise oibiachtúil go bhfuil sócmhainn airgeadais nó grúpa sócmhainní airgeadais, tomhaiste ag costas amúchta, bearnaithe.

Maidir le hiasachtaí agus nithe infhaighte, tomhaistear an méid caillteanais mar dhifríocht idir suim ghlanluacha na sócmhainne agus luach reatha an tsreafa mheasta airgid amach anseo, lascainithe ag Glanráta Úis bunaidh úis na sócmhainne airgeadais. Aithnítear suim an chaillteanais bhearnaithe sa Ráiteas Ioncaim.

Déantar measúnú oibiachtúil ar na hiasachtaí do gach iasachtóir ar aghaidh i gcomhair bearnú ag deireadh na tréimhse airgeadais.

Áirítear le anaise oibiachtúil go bhfuil sócmhainn airgeadais bearnaithe:

  • deacracht shuntasach airgeadais an iasachtóra ar aghaidh;
  • neamhchomhlíonadh na gcúnant agus na ngealltanas iasachta faoi seach, agus aon téarmaí agus coinníollacha arna gcur i bhfeidhm ag CBSÉ;
  • sáruithe conarthacha, cosúil le mainneachtain nó le faillí ar ús nó ar phríomhíocaíochtaí;
  • comharthaí go rachaidh an t-iasachtóir ar aghaidh isteach i bhféimheacht nó in atheagrú eile airgeadais.

Tar éis bearnú, aithnítear ioncam úis trí úsáid a bhaint as an nglanráta úis bunaidh a úsáideadh chun sreabhadh airgid amach anseo a lascainiú d’fhonn an caillteanas bearnaithe a thomhas. Más rud é, i dtréimhse airgeadais ina dhiaidh sin, go laghdaíonn an caillteanas bearnaithe agus go bhféadtar an laghdú a bhaint go hoibiachtúil le teagmhas a tharlaíonn tar éis aithint an bhearnaithe, aisiompaítear an caillteanas bearnaithe a bhí aitheanta roimhe sin. Aithnítear luach an aisiompaithe sa ráiteas ioncaim.

Nuair a chuirtear foráil ar leith i bhfeidhm ar lamháltas bearnaithe agus ní fheabhsaíonn ionchais aisghabhála, tiocfaidh am nuair a chinnfear nach bhfuil aon ionchas aisghabhála ann. Nuair a shroichtear an pointe sin, díscríobhtar méid na hiasachta a mheastar a bheith thairis ionchas aisghabhála in aghaidh an lamháltais lena mbaineann i gcomhair bearnú iasachta. Laghdaíonn aisghabhálacha ina dhiaidh sin de mhéideanna a díscríobhadh méid an lamháltais do bhearnú iasachta sa Ráiteas Ioncaim.

4.10 Airgead agus coibhéisí airgid

Is ionann airgead agus coibhéisí airgid agus infheistíochtaí gearrthéarmacha atá an-leachtach agus so-aistrithe go méideanna aitheanta airgid agus atá faoi réir riosca neamhshuntasach a bhaineann le hathruithe ar luach.

Iompraítear airgead agus coibhéisí airgid ag costas amúchta sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais.

Léirítear sa Ráiteas ar Shreabhadh Airgid na hathruithe ar airgead agus ar choibhéisí airgid a d’eascair as gníomhaíochtaí oibriúcháin, ó ghníomhaíochtaí infheistíochta agus ó ghníomhaíochtaí maoinithe le linn na bliana airgeadais.

Tuairiscítear an sreabhadh airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin tríd an modh díreach, ina nochtar cineálacha móra fáltais chomhlána airgid agus íocaíochtaí comhlána, a úsáid.

4.11 Sócmhainní doláimhsithe

Tá sócmhainní doláimhsithe comhdhéanta de bhogearraí a fuair an Chuideachta. Tomhaistear iad ag costas lúide amúchadh carntha agus aon chaillteanais bhearnaithe charntha.

Ní chaipitlítear caiteachas ina dhiaidh sin ar shócmhainní bogearraí ach nuair a mhéadaíonn sé tairbhí geilleagair amach anseo atá corpraithe sa tsócmhainn ar leith lena mbaineann siad. Déantar cur síos ar gach caiteachas eile de réir mar a thabhaítear é.

Amúchtar bogearraí sa Ráiteas Ioncaim ar bhunús na líne dhírigh thar a saolré úsáideach mheasta, ón dáta ar a bhfuil siad ar fáil le húsáid. Is ionann saolré úsáideach mheasta bhogearraí reatha CBSÉ agus cúig bliana.

Déantar modhanna amúchta, saolréanna úsáideacha agus luachanna iarmharacha a athbhreithniú ag gach dáta tuairiscithe agus coigeartaítear iad nuair is gá.

Ag gach dáta tuairiscithe, déanann an Chuideachta athbhreithniú ar shuim ghlanluacha a bogearraí chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon léiriú ar bhearnú ann. Má bhíonn aon táscaire den chineál sin ann, beidh na sócmhainní sin faoi réir athbhreithniú bearnaithe.

Is é atá san athbhreithniú bearnaithe comparáid idir suim ghlanluacha na sócmhainne agus a suim in- aisghabhála. Cinntear an tsuim in-aisghabhála agus an ceann is airde de luach cóir lúide costais diúscartha na sócmhainní agus a luach úsáide. Ríomhtar luach úsáide trí shreafaí airgid infhála tuartha mar thoradh ar úsáid leanúnach na sócmhainne, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as a diúscairt deiridh, a lascainiú ag ráta margadh-bhunaithe lascaine ar bhonn réamhchánach. Ba chóir go léireofaí measúnú margaidh reatha amluach an airgid sa ráta lascaine seo agus na rioscaí a bhaineann go sonrach leis an tsócmhainn nach bhfuil meastacháin ar shreabhadh airgid sa todhchaí coigeartaithe ina leith.

Laghdaítear luach iompair na mbogearraí trí mhéid aon bhearnaithe agus aithnítear an caillteanas sin sa Ráiteas Ioncaim sa tréimhse airgeadais ina dtarlaíonn sé. Féadfar caillteanas bearnaithe aitheanta roimhe seo a chúlú i bpáirt nó ina iomláine sa chás go dtugtar le os nach bhfuil an caillteanas bearnaithe ann a thuilleadh agus go bhfuil athrú sna meastacháin a úsáideadh chun méid in-aisghabhála na sócmhainne a chinneadh. Ní mhéadófar suim ghlanluacha na sócmhainne ach go dtí an méid a shroichfeadh sí mura n-aithneofaí an bearnú bunaidh.

4.12 Soláthairtí

Aithnítear soláthar sa chás gur ag an gCuideachta, mar gheall ar theagmhas san am atá thart, atá oibleagáid reatha dhlíthiúil nó inchiallaithe is féidir a mheas go hiontaofa agus sa chás gur dóigh go mbeidh eis- sreabhadh tairbhí geilleagracha ag teastáil chun an oibleagáid a chomhlíonadh.

Sa chás go bhfuil difear ábhartha i gceist, cinntear soláthairtí trí na sreafaí airgid ionchasacha amach anseo a lascainiú de réir ráta réamhchánach a léiríonn measúnuithe margaidh reatha ar an amluach airgid agus, nuair is cuí, ar na rioscaí a bhaineann go sonrach leis an dliteanas.

4.13 Dliteanais theagmhasacha

Is dualgais fhéideartha iad dliteanais theagmhasacha a ndeimhneofar gur ann dóibh trí tharlú teagmhas neamhchinnte amach anseo nó dualgais reatha sa chás nach bhfuil aistriú tairbhe geilleagraí cinnte nó nach féidir meastachán iontaofa a dhéanamh air. Ní aithnítear dliteanais theagmhasacha ach nochtar iad sna nótaí leis na ráitis airgeadais ach amháin má bhíonn an dóchúlacht go n-aistreofaí an tairbhe gheilleagrach fíorbheag.

4.14 Costais inaisíoctha le GBCN

De réir alt 10 d’Acht CBSÉ 2014, soláthraíonn GBCN seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do CBSÉ mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna CBSÉ. Aithnítear costais inaisíoctha le GBCN ar bhonn fabhraithe. Aisghabhann GBCN na speansais seo ó CBSÉ de réir costais. Tá tuilleadh eolais ar chostais inaisíoctha le GBCN san áireamh i Nóta 8.1.

4.15 Príomhphearsanra bainistíochta

Rialaíonn Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Cuideachta agus an Bord an Chuideachta. Tá Príomhfheidhmeannach GBCN ina chomhalta ex of cio den Bhord. Tá údarás agus freagracht ag Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Cuideachta agus ag an mBord as pleanáil, as stiúradh agus as rialú ghníomhaíochtaí CBSÉ agus, dá bhrí sin, is iad príomhphearsanra bainistíochta CBSÉ iad.

< NÓTA 3

NÓTA 5 >