Comhroinnt Riosca

In 2012, d’fhorbair agus sheol an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa chun cabhrú le GBManna a bhí buailte go dona ag an ngéarchéim airgeadais. I rith na bliana 2016, d’oibrigh CBSÉ chun cumas comhroinnte riosca agus táirgí a bhunú chun tacú le hiasachtú breise do GBManna in Éirinn agus le bheith mar idirghabhálaí i dtionscnaimh maoinithe GBM san Eoraip. Chuige sin, thóg CBSÉ feidhmiú agus bainistiú na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa ar láimh i mí Dheireadh Fómhair 2016, d’fhonn Scéim níos leithne a sheoladh in 2017. I mí Eanáir 2017, sheol CBSÉ a táirge iasachta féin le tacaíocht ráthaíochta CBSÉ – an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta. Aimsíodh an tacaíocht riosca le haghaidh an táirge sin ón gCiste Eorpach Infheistíochta i bhfoirm frithráthaíochta faoi chlár an Aontais Eorpaigh le haghaidh Iomaíochas Fiontar agus Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide (COSME).

An Ciste Eorpach Infheistíochta – Clár le haghaidh Iomaíochas Fiontar agus GBManna (COSME)

Is cuid de ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta é an Ciste Eorpach Infheistíochta. Is é misean lárnach an chiste tacú le micrea-ghnóthaí, gnóthaí beaga agus gnóthaí meánmhéide na hEorpa trí chuidiú leo teacht ar mhaoiniú. Dearann agus forbraíonn an Ciste caipiteal ontair agus fáis, ráthaíochtaí agus ionstraimí micrea- airgeadais a dhíríonn go sonrach ar an gcuid sin den mhargadh. Sa ról sin, cothaíonn an Ciste Eorpach Infheistíochta cuspóirí an Aontais Eorpaigh chun tacú le nuálaíocht, taighde agus forbairt, ontraíocht, fás, agus fostaíocht.

Is ionann COSME agus clár an Aontais Eorpaigh le haghaidh Iomaíochas Fiontar agus Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide (GBManna) atá á reáchtáil ó 2014 go 2020 agus le buiséad iomlán de €2.3 billiún. I mí na Nollag 2016, shínigh CBSÉ Saoráid Ráthaíochta Iasachta COSME a thacaíonn le ráthaíochtaí agus frithráthaíochtaí d’institiúidí airgeadais agus d’institiúidí spreagtha náisiúnta chun cuidiú leo tuilleadh iasachtaí agus maoiniú léasa a chur ar fáil do GBManna. Ba é an fhrithráthaíocht COSME a soláthraíodh do CBSÉ chun tacú le hiasachtaí do GBManna an chéad uair a baineadh úsáid as COSME in Éirinn. Bain dh CBSÉ leas as an bhfrithráthaíocht sin in 2017 chun tacú le feirmeoirí a bhfuil brú airgeadais gearrthéarmach ag cur isteach orthu i ngeall ar luaineacht praghsanna agus ioncaim agus déanfar é sin trí Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta.

Síniú chomhaontú COSME, mí na Nollag 2016. C-D Leas- Phríomhfheidhmeannach an Chiste Eorpaigh Infheistíochta, Roger Havenith; an tAire Airgeadais, Michael Noonan TD; Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Werner Hoyer; agus Príomhfheidhmeannach CBSÉ, Nick Ashmore.

An Scéim Ráthaíochta Creidmheasa

Is tionscnamh rialtais í an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa a bunaíodh in 2012 chun tuilleadh iasachtaí do GBManna atá inbhuanaithe ar bhonn tráchtála a spreagadh nach mbeadh sé ar a gcumas, faoi ghnáthchritéir iasachtaithe, saoráidí nua nó breise a fháil óna mbanc. Éascaíonn an Scéim fonn riosca creidmheasa méadaithe trí ráthaíocht le tacaíocht rialtais a thabhairt d’iasachtóirí ar aghaidh maidir le 75% de luach na saoráide. Tá sé i gceist go rachfaí i ngleic le trí bhac ar leithligh ar iasachtú sa Scéim:

  • neamhleorgacht na comhthaobhachta;
  • i gcás ina mbíonn fonn ar GBM athmhaoiniú a dhéanamh toisc go bhfuil a bhanc ag imeacht as margadh na hÉireann agus nach bhfuil dóthain comhthaobhachta ann chun tacú leis an athmhaoiniú sin; agus/nó
  • gnóthaí a fheidhmíonn in earnálacha a fheictear mar earnálacha ardriosca faoi chleachtais meastóireacht riosca creidmheasa reatha a fhás nó a leathnú.

I mí Dheireadh Fómhair 2016, cheap an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta CBSÉ mar oibreoir agus mar bhainisteoir ar an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa. Mar oibreoir agus bainisteoir na Scéime, mar aon leis an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta is í CBSÉ an príomh-idirghabhálaí le haghaidh táirgí ráthaíochta sa Stát. Táthar ag súil go gcuirfear leagan nua den Scéim Ráthaíochta Creidmheasa (Scéim 2017) ar fáil in 2017.