8. Speansais oibriúcháin

2016
€000
12 Meán
Fómhair 2014
go 31 Nollaig
2015
€000
Costais inaisíoctha le GBCN (Feic Nóta 8.1) 3,847 3,672
Táillí an Bhoird (Feic Nóta 9) 95 74
Amúchadh (Feic Nóta 16) 88 71
Speansais eile 789 599
4,819 4,416

Cuimsítear le speansais eile gach speansas eile a íocann an Chuideachta go díreach. Cuimsítear iontu sin go príomha costais mhargaíochta agus táillí dlí agus gairmiúla.

8.1 Costais inaisíoctha le GBCN

2016
€000
12 Meán
Fómhair 2014
go 31 Nollaig
2015
€000
Costais foirne GBCN 1,917 1,847
Seirbhísí gnó 1,500 1,163
Táillí gairmiúla 290 356
Teicneolaíocht 107 254
Costais oibriúcháin eile 33 52
3,847 3,672
Costais foirne GBCN

Níl aon fhostaithe ag an gCuideachta. Tá gach pearsanra fostaithe ag GBCN agus athghearrann an Chuideachta costais luach saothair na gcomhaltaí foirne atá ag obair go lánaimseartha le gnó CBSÉ. B’ionann meán-líon na bhfostaithe a bhí ag obair go díreach sa Chuideachta sa bhliain airgeadais agus dhá dhuine dhéag (2015: ochtar). Bhí cúig dhuine dhéag fostaithe go díreach sa Chuideachta ar dháta na tuairisce (2015: naonúr). Áiríodh le costais foirne GBCN luach saothair agus costais eile a bhaineann leis an bhfoireann, ar nós costais foirne sealadaí, costais earcaíochta agus costais oiliúna foirne, a bhaineann le comhaltaí foirne GBCN atá ag obair go díreach le CBSÉ.

Áirítear i gcostais foirne GBCN tuarastal an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin mar a mhionsonraítear thíos. Cinntear luach saothair an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin de réir ailt 7(2) agus 8 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.

Nicholas Ashmore (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin) 2016 2015
Tuarastal bliantúil 250,000 250,000
Sochair inchánacha bhliantúla 24,548 23,154
274,548 273,154

Níor íocadh aon íocaíocht maidir le feidhmíocht leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin i rith na bliana airgeadais, ná sa tréimhse roimhe sin, agus níl aon íocaíocht den sórt sin iníoctha ag deireadh na bliana airgeadais. Áirítear na méideanna a íocadh leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin sna costais inaisíoctha le GBCN.

Ní théann teidlíochtaí pinsin an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin thar na teidlíochtaí caighdeánacha i scéim eiseamláireach aoisliúntais le sochar sainithe na hearnála poiblí.

Seirbhísí gnó

Cuimsítear le costais seirbhísí gnó costais arna dtabhú sa bhliain airgeadais maidir leis an áitreabh atá á áitiú ag an gCuideachta agus costas seirbhísí tacaíochta arna soláthar ag GBCN.

< NÓTA 7

NÓTA 9 >