17. Dliteanais eile

2016
€000
2015
€000
Iníoctha leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara 13,914 -
Méideanna atá dlite do GBCN 214 351
Dliteanais eile 203 61
Cáin dlite 8 16
14,339 428

Faoi chomhaontú idir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus CBSÉ dar dáta an 20 Nollaig 2016 (an “Comhaontú Comhair Talmhaíochta”) thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara airgead do CBSÉ le húsáid sa Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta (an “Scéim”) chun tacú le GBManna in earnáil na talmhaíochta in Éirinn. Beidh cistí nach n-úsáidfear i rith shaolré na Scéime inaisíoctha don Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara. Níor úsáideadh aon chistí amhail an 31 Nollaig 2016 toisc nár seoladh an Scéim go dtí an 31 Eanáir 2017.

Léiríonn an tsuim don cháin dlite an ÍMAT a bhí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ag deireadh na bliana airgeadais.

< NÓTA 16

NÓTA 18 >