12. Iasachtaí agus infháltais

2016
€000
2015
€000
Iasachtaí d’iasachtóirí ar aghaidh a bhí dlite laistigh d’aon bhliain amháin 56,444 603
Iasachtaí d’iasachtóirí ar aghaidh a bhí dlite tar éis níos mó ná bliain amháin 600,000 235,000
656,444 235,603

I Ráiteas na Cuideachta ar an Staid Airgeadais, cuirtear iasachtaí agus infháltais i láthair mar chinn reatha nó neamhreatha, de réir a gcuid aibíochta. Sa tréimhse roimhe sin cuireadh i láthair iad mar fhigiúr iomlán amháin.

Tá an deighilt idir na hiasachtaí d’iasachtóirí ar aghaidh idir iasachtaí urraithe agus neamhurraithe leagtha amach thíos:

2016
€000
2015
€000
Urraithe 55,116 -
Neamhurraithe 601,328 235,603
656,444 235,603

Ag deireadh na bliana airgeadais, bhí iasachtaí in eisiúint ag CBSÉ do sheacht gcinn d’iasachtóirí ar aghaidh (2015: dhá cheann). Is bainc iad trí cinn de na hiasachtóirí ar aghaidh sin (2015: dhá cheann), agus is soláthraithe airgid neamhbhainc iad ceithre iasachtóir ar aghaidh (2015: nialas). Is ionann téarmaí fanta iasachtaí na n-iasachtóirí ar aghaidh agus idir 1.5 agus 8.25 bliana agus gearrann CBSÉ ús ag Euribor sé mhí móide corrlach.

Measann an Chuideachta, ag deireadh gach bliana airgeadais, an bhfuil anaise oibiachtúil ann go bhfuil na hiasachtaí iasachtóra ar aghaidh bearnaithe (feic Nóta 4.9). Tar éis measúnú bearnaithe ar na hiasachtaí amhail an 31 Nollaig 2016, chinn an Chuideachta nach raibh aon fhianaise ar bhearnú ann ag an dáta tuairiscithe. Ag deireadh na bliana airgeadais, bhí €251 milliún (2015: €516 milliún) ag an gCuideachta i dtiomantais iasachta nach raibh tarraingthe anuas.

< NÓTA 11

NÓTA 13 >