Athbhreithniú Gnó

I rith 2016, d’fhógair CBSÉ trí chomhpháirtíocht nua iasachtóra ar aghaidh le Bibby Financial Services Ireland, First Citizen Agri Finance agus Fexco Asset Finance. Fágann sé sin go bhfuil líon iomlán na n-iasachtóirí ar aghaidh atá ag CBSÉ ag ocht gcinn anois, rud a thugann tuilleadh rogha do GBManna na hÉireann agus raon feabhsaithe táirgí atá á maoiniú ag CBSÉ.

  • Ba é First Citizen Agri Finance an tríú hiasachtóir ar aghaidh neamhbhainc de chuid CBSÉ i mí na Bealtaine 2016. Tairgeann First Citizen Agri Finance saoráidí fruilcheannaigh agus léasaithe d’earnáil na talmhaíochta.
  • Tá Bibby Financial Services Ireland ina iasachtóir ar aghaidh de chuid CBSÉ ó mí an Mheithimh 2016. Is léiriú í an chomhpháirtíocht sin ar thairiscint i gcomhair táirgí nua do CBSÉ. Tairgeann Bibby táirgí maoinithe sonrasc do GBManna. Is saoráid caipiteal oibre é maoiniú sonrasc a scaoileann airgead tirim a bhíonn ceangailte i sonraisc custaiméirí atá le híoc (mórleabhar féichiúnaithe/díolachán) agus feabhsaítear an fháil a bhíonn ag gnóthaí ar shreabhadh airgid.
  • Bhí Fexco Asset Finance ar an gcúigiú hiasachtóir ar aghaidh neamhbhainc a chuaigh i gcomhpháirt le CBSÉ i mí na Samhna 2016. Tá láithreacht láidir ag Fexco Asset Finance i gCúige Mumhan, agus tairgeann siad maoiniú léasaithe speisialta do GBManna ar fud na hÉireann.

Gheall CBSÉ €155 milliún breise i gcistí a chur ar fáil in 2016 dá thrí iasachtóir ar aghaidh nua, rud a d’fhág an giúr iomlán de chistí tiomnaithe ó bunaíodh í ag €906 milliún. Táthar fós ag obair le hiasachtóirí ar aghaidh nua féideartha agus tá dóchas ag CBSÉ comhpháirtithe breise a fhógairt mar iasachtóirí ar aghaidh in 2017 agus í ar a dícheall infhaighteacht an mhaoinithe do GBManna a mhéadú tuilleadh.

Faoi dheireadh na bliana 2016, bhí tacaíocht tugtha ag CBSÉ do 12,593 GBM agus 67,150 post agus €544 milliún i bhfoirm maoinithe. Bhí €457 milliún tugtha aici d’iasachtaí infheistíochta do GBManna, €60 milliún d’iasachtaí caipiteal oibre agus €27 milliún chun iasachtaí ó bhainc a bhí ag fágáil mhargadh na hÉireann a athmhaoiniú. Ba é an meánráta úis ar gach iasacht CBSÉ go dtí mí na Nollag 2016 ná 4.6%.

Bhí iasachtaí scaipthe go forleathan sna réigiúin éagsúla idir 18% san Iardheisceart go dtí 6% i Lár na Tíre. Mar ab ionann le 2015, is í an talmhaíocht an earnáil is mó a fhaigheann tacaíocht ó CBSÉ agus 23% de na hiasachtaí iomlána curtha i dtreo na hearnála sin amhail deireadh mhí na Nollag 2016. Gar dó sin bhí an earnáil mhórdhíola agus mhiondíola le 18% de na cistí iomlána agus an earnáil chóiríochta agus bhia arbh ionann í agus 14% de na hiasachtaí go léir ó CBSÉ.