Ráiteas ar Fhreagrachtaí na Stiúrthóirí

Éilítear i ndlí na gcuideachtaí ar Stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais. Roghnaigh na Stiúrthóirí na ráitis airgeadais a ullmhú de réir FRS 102, an Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn (“creat tuairiscithe airgeadais iomchuí”) agus de réir Acht na gCuideachtaí, 2014.

Faoi dhlí na gcuideachtaí, níor chóir do na Stiúrthóirí na ráitis airgeadais a fhaomhadh mura bhfuil siad sásta go dtugtar léargas fíor agus cóir iontu ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar sheasamh airgeadais na Cuideachta amhail deireadh na bliana airgeadais agus ar bhrabús nó ar chaillteanas na Cuideachta don bhliain airgeadais, agus go gcloíonn siad ar gach bealach eile le hAcht na gCuideachtaí, 2014.

Agus na ráitis airgeadais seo á n-ullmhú, éilítear ar na Stiúrthóirí:

  • beartais chuí chuntasaíochta a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
  • breithiúnais agus meastacháin atá réasúnta agus críonna a dhéanamh;
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh, ach amháin má tá sé míchuí sin a dhéanamh;
  • a lua cibé ar ullmhaíodh nó nár ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir na gcaighdeán cuntasaíochta infheidhmithe, na caighdeáin sin a shainaithint, agus éifeacht agus cúiseanna le haon imeacht ó na caighdeáin sin a thabhairt le fios.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as a chinntiú go gcoinníonn an Chuideachta nó go mbíonn sí ina cúis le coinneáil tai d chuntasaíochta chuí ina mínítear agus ina dtaifeadtar i gceart idirbhearta na Cuideachta, a chumasaíonn ag am ar bith sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús agus caillteanas na Cuideachta a chinneadh le beachtas réasúnta, cur ar a gcumas a chinntiú go cloíonn na ráitis airgeadais agus tuairisc na Stiúrthóirí le hAcht na gCuideachtaí, 2014 agus go gcuireann sé ar a gcumas na ráitis airgeadais a iniúchadh.

Tá na Stiúrthóirí freagrach freisin as sócmhainní na Cuideachta a chosaint agus, dá réir sin, as bearta réasúnta a dhéanamh chun calaois agus mírialtachtaí eile a chosc agus a aimsiú.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus sláine na faisnéise airgeadais agus eile ar shuíomh gréasáin na cuideachta (www.sbci.gov.ie). Ní hionann an reachtaíocht in Éirinn a bhaineann le hullmhú agus le scaipeadh ráiteas airgeadais agus an reachtaíocht i ndlínsí eile.

Faofa agus údaraithe lena eisiúint ag an mBord Stiúrthóirí agus sínithe thar a cheann:

Nichola Ashmore
An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

Conor O'Kelly
An Cathaoirleach
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

12 Aibreán 2017