Athbhreithniú an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin

I rith 2016, lean CBSÉ ag díriú ar thacaíocht a thabhairt d'fhás agus do leathnú GBManna trí mhaoiniú méadaithe de raon níos éagsúla iasachtóirí ar aghaidh CBSÉ agus raon táirgí níos mó.

Leathnaíomar ár mbonn maoinithe ag cur €450 milliún de mhaoiniú nua leis trí Chomhairle Bhanc Forbartha na hEorpa agus Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN). Úsáidfear an t-airgead sin chun iasachtú nua breise a mhaoiniú trí chomhpháirtithe iasachtóirí ar aghaidh reatha agus nua.

Toisc gur cuireadh trí iasachtóir nua ar aghaidh leis in 2016, First Citizen Agri Finance, Bibby Financial Services Ireland agus Fexco Asset Finance, tá comhpháirtíocht anois idir CBSÉ agus ocht n-iasachtóir ar aghaidh, agus an maoiniú iomlán tiomanta ag €906 milliún ag deireadh 2016. Tá €655 milliún de mhaoiniú tarraingthe anuas ag ár gcomhpháirtithe iasachtóra ar aghaidh go dtí seo agus €544 milliún de na cistí sin curtha ag obair thar 12,593 iasacht le GBManna, ag tacú le 67,150 post. Sin dul chun cinn suntasach ó dheireadh 2015 nuair a bhí €172 milliún d'iasachtaí a raibh tacaíocht acu ó CBSÉ curtha ag obair thar 4,619 GBM, ag tacú le 17,000 post.

Is é meánmhéid na n-iasachtaí a bhfuil tacaíocht acu ó CBSÉ ná €43,000, agus iasachtaí aonair idir €1,500 agus €5 mhilliún ó thaobh méide de. Úsáideadh 84% d'iasachtaí a raibh tacaíocht acu ó CBSÉ le hinfheistiú i ngnó, agus úsáideadh 11% acu le haghaidh caipiteal oibre agus úsáideadh 5% acu chun saoráidí ó bhainc atá ag imeacht as margadh na hÉireann a athmhaoiniú.

D'éirigh linn punann iasachtóirí ar aghaidh a bhaint amach a bhfuil cothromaíocht mhaith eatarthu ó thaobh na háite ina bhfuil ár n-iasachtaithe lonnaithe agus, freisin i dtéarmaí na n-earnálacha ina bhfeidhmíonn siad. I mbeagán focal, táimid ag tacú le hiasachtaí a thabhairt do GBManna i ngach cuid d'Éirinn agus i raon earnálacha – talmhaíocht, mórdhíol/miondíol, cóiríocht agus bia, riarachán agus tacaíocht, déantúsaíocht, iompar, tógáil agus tuilleadh. Trí na comhpháirtithe sin, bhí CBSÉ in ann tacú le soláthar iasachtaí téarma, léasú sócmhainní, léasú talmhaíochta, fruilchonarthaí le haghaidh feithiclí agus maoiniú sonrasc – agus iad go léir ag rátaí níos ísle nó ar théarmaí níos solúbtha ná mar a bhí ar fáil sa mhargadh roimhe seo.

Ba chloch mhíle mhór a bhí sa bhliain anuraidh do CBSÉ tráth ar fógraíodh ár gcéad táirge comhroinnte rioscaí, an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta, agus seoladh í i mí Eanáir 2017. Tá sé mar aidhm ag an scéim €150 milliún tacú le feirmeoirí a bhfuil brú airgeadais orthu ar bhonn gearrthéarmach i ngeall ar luaineacht praghsanna agus ioncaim. Tabharfar deis d'fheirmeoirí suas le €150,000 a fháil ar iasacht ar ráta speisialta 2.95% thar thréimhsí suas go dtí sé bliana chun dul i ngleic leis na droch- dhálaí margaidh a bhí le sárú acu le déanaí. Tá na hiasachtaí sin ar fáil trí Bhainc-Aontas Éireann, Banc na hÉireann agus Banc Uladh. Beidh rath na scéime sin ríthábhachtach chun deis a thabhairt do CBSÉ bealaí nua a fhorbairt do GBManna chun rochtain níos éasca a fháil ar airgead.

I dtionscnamh gaolmhar, ceapadh CBSÉ mar oibreoir agus bainisteoir na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa á soláthar ag an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta i mí Dheireadh Fómhair 2016. Mar oibreoir agus bhainisteoir na Scéime, is í CBSÉ an príomh- idirghabhálaí le haghaidh táirgí ráthaíochta sa Stát. Cuir dh an tionscnamh sin, mar aon leis an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta ar chumas CBSÉ foinse lárnach saineolais a chur ar fáil sa réimse seo. Táthar ag súil go gcuirfear leagan níos nuaí den Scéim (Scéim Ráthaíochta Creidmheasa 2017) i bhfeidhm sna míonna seo amach romhainn.

Ar cheann de na dúshláin a bhí le sárú againn bhí feasacht a ghiniúint i measc GBManna maidir leis na buntáistí a d’fhéadfadh maoiniú le tacaíocht ó CBSÉ a chruthú dóibh. Bhí CBSÉ ag gabháil i gcónaí do dhlúth- fheachtas margaíochta agus feasachta GBM in 2016 bunaithe ar fheachtas meán ar an raidió, sna meáin shóisialta, agus ar chainéil digiteacha. D'fhreastail foireann CBSÉ ar bhreis is 40 imeacht GBM i rith 2016 lena n-áirítear líonrú áitiúil agus imeachtaí forbartha brandaí i ngach réigiún in Éirinn. Léiríonn suirbhéanna gur éirigh lenár gcuid iarrachtaí chun feasacht brandaí a fhás ach tá fonn orainn leanúint ag forbairt na feasachta sin i measc GBManna maidir le ról CBSÉ agus cad is féidir léi a thairiscint.

Rinne CBSÉ caillteanas oibriúcháin de €1.647 milliún in 2016 i ngeall ar an moill ioncam a ghiniúint nuair a tháinig ár bpáirtithe iasachtaithe ar aghaidh ar bord linn agus nuair a tosaíodh ag tarraingt anuas cistí. Ar bhonn níos fadtéarmaí, is é ár sprioc airgeadais ár gcostais a chlúdach agus ansin rátaí iasachta laghdaithe do GBManna a dhéanamh dár mbuntáiste airgeadais seachas brabúis a charnadh. Thug an tAire Airgeadais luach €10 milliún de chaipiteal do CBSÉ nuair a ionchorpraíodh í. Chun freastal ar riachtanas caipitil breise CBSÉ a bhfuil ionchas leis chun tacú le roinnt tionscadail eile atá á bhforbairt faoi láthair, shuibscríobh an tAire chun luach €25 milliún de scaireanna breise a fháil i mí Feabhra 2017.

In 2017, leanfaidh CBSÉ ag leathnú a cuid tairiscintí agus tá réimse gníomhach iasachtóirí ar aghaidh féideartha ag céimeanna éagsúla forbartha againn. Mar a luaigh an Cathaoirleach ina ráiteas, féachfaidh CBSÉ le tacaíochtaí agus maoiniú Eorpach eile a aimsiú de réir mar is gá. Leanfaimid freisin i mbliana ag tógáil ar ár mbonneagar comhroinnte riosca.

Rud a bhí lárnach dár ndul chun cinn go dtí seo ná an obair chrua a rinne foireann CBSÉ agus an tacaíocht a fuaireamar ó GBCN. Ní éireodh le CBSÉ an dul chun cinn a rinne sí anuraidh a bhaint amach murach taithí agus obair chrua na foirne. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gCathaoirleach agus leis an mBord as a dtacaíocht agus a dtiomantas agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leo chun tógáil ar an dul chun cinn mór a baineadh amach go dtí seo in 2017.

Nick Ashmore
An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin