Línte Gnó

Tar éis di a cur chuige maidir le hiontráil chéimithe ar an margadh a bhrú chun cinn, tá trí líne ghnó bunaithe ag CBSÉ:

1) Iasachtú

Is é samhail ghnó iasachtaithe CBSÉ faoi láthair ná feidhmiú mar institiúid airgeadais iasachtaithe mórdhíola ar aghaidh. Tugann sí maoiniú mórdhíola fadtéarmach ar chostas íseal d’iasachtóirí oiriúnacha ar aghaidh agus an costas íseal úis a chuirtear ar aghaidh chuig iasachtaithe GBM ina bhuntáiste leis. Tá straitéis CBSÉ bunaithe ar phíblíne láidir d’iasachtóirí ar aghaidh féideartha
a fhorbairt d’fhonn éagsúlacht a bhaint amach sa mhargadh agus iomaíochas a bhrú chun cinn agus a bheith cúramach ag an am céanna gan an margadh a shaobhadh in aon earnáil iasachtaithe.

2) Comhroinnt Riosca

Is í an tsamhail ghnó comhroinnte riosca ná páirt-ráthaíochtaí creidmheasa a chur ar fáil do sholáthraithe airgeadais chun an creidmheas a thugtar do GBManna a éascú, lena n-áirítear i gcás ina gcuireann teipeanna margaidh in earnálacha nó i dtimthriall gheilleagrach ar leith srian ar rochtain ar chreidmheas. Baineann CBSÉ leas as acmhainn riosca ó thacaíochtaí Stáit agus Eorpacha agus déanann sí giaráil ar an acmhainn sin chun ionstraimí airgeadais a dhearadh a bhaineann úsáid éifeachtúil as a cuid caipitil agus a fheabhsaíonn rochtain GBM ar mhaoiniú. Is sampla den chur chuige sin í an Scéim Iasachta um Thacaíocht Sreabhadh Airgid i gcomhair Talmhaíochta de chuid CBSÉ a seoladh sa chéad ráithe de 2017.

3) Soláthar Seirbhíse

Feidhmíonn soláthar seirbhíse mar líne fhorlíontach ghnó don dá phríomhlíne ghnó, Iasachtú agus Comhroinnt Riosca. I mí Dheireadh Fómhair 2016, cheap an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta CBSÉ mar oibreoir agus mar bhainisteoir ar an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa. Tá sé sin tábhachtach ó thaobh CBSÉ a bhunú mar phríomh- idirghabhálaí le haghaidh táirgí comhroinnte riosca in Éirinn. Soláthróidh CBSÉ seirbhísí den sórt sin sa chás go gcuireann siad feabhas straitéiseach ar na príomhlínte gnó nó sa chás go gcomhlánaíonn siad iad.