Straitéis

Tá straitéis CBSÉ bunaithe ar a misean “tacaíochtaí éifeachtacha airgeadais a chur ar fáil do GBManna na hÉireann agus de réir a chéile d’earnálacha eile a thugann aghaidh ar theipeanna i margadh creidmheasa na hÉireann, agus iomaíochas agus nuálaíocht a spreagadh ag an am céanna agus a chinntiú go mbaintear úsáid éifeachtúil as acmhainní AE atá ar fáil”.

Is é príomhsprioc straitéis CBSÉ ionstraimí airgeadais a chur ar fáil don mhargadh GBM in Éirinn, go díreach nó mar sholáthraí seirbhíse, d'fhonn dul i ngleic le teipeanna margaidh ó thaobh creidmheas a sholáthar do GBManna. D’fhonn an sprioc sin a bhaint amach tá CBSÉ chun dul isteach sa mhargadh ar bhonn céimithe.

D’fhonn an misean sin a bhaint amach, tá fís leagtha síos ag CBSÉ “a bheith mar institiúid airgeadais spreagtha láidir a thugann tacaíocht éifeachtach airgeadais do GBManna na hÉireann agus a chuireann forbairt gheilleagrach an Stáit chun cinn.” Tá ról riachtanach ag CBSÉ ó thaobh margadh éifeachtach agus inbhuanaithe a athchóiriú le haghaidh maoiniú GBM in Éirinn agus tá ról níos leithne aici ar bhonn níos fadtéarmaí mar idirghabhálaí le haghaidh tacaíochtaí maoinithe an Stáit agus na hEorpa.

Fís: A bheith mar institiúid airgeadais spreagtha láidir a thugann tacaíocht airgeadais éifeachtach do GBManna na hÉireann agus a chuireann forbairt gheilleagrach an Stáit chun cinn.

I rith 2016 rinne CBSÉ dul chun cinn ar a cur chuige maidir le dul isteach sa mhargadh ar bhonn céimithe, ag tógáil ar chéim 1 agus ag déanamh dul chun cinn ansin le céimeanna 2 agus 3 mar seo a leanas:

  • Céim 1: Iasachtaí fadtéarmacha breise ar chostas íseal a sheachadadh do GBManna trí na príomhinstitiúidí baincéireachta, Bainc-Aontas Éireann, Banc na hÉireann agus Banc Uladh.
  • Céim 2: Creidmheas breise a sholáthar do GBManna trí raon soláthraithe airgeadais neamhbhainc thar raon leathan táirgí lena n-áirítear maoiniú sócmhainní, fruilchonradh, lascainiú sonrasc agus léasú trealaimh.
  • Céim 3: Gníomhaíochtaí comhroinnte riosca a chur ar bun, lena n-áirítear feidhmiú agus bainistiú na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa thar ceann an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta.