Maidir le CBSÉ

Is í Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) institiúid airgeadais spreagtha náisiúnta na hÉireann. Murab ionann le cuid mhaith tíortha eile san Eoraip, ní raibh banc spreagtha ná institiúid creidmheasa Stáit ag Éirinn chun maoiniú a choinneáil le haghaidh gnóthaí ar feadh na géarchéime airgeadais. Ionchorpraíodh Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) i mí Mheán Fómhair 2014 lena chinntiú go mbeadh fáil ag gnóthaí na hÉireann, amach anseo, ar mhaoiniú fadtéarmach, cobhsaí, ar chostas íseal.

Baineann CBSÉ leas as foinsí maoinithe náisiúnta agus idirnáisiúnta
ar mhaithe le maoiniú ar chostas íseal a sholáthar d’iasachtóirí ar aghaidh ar gá dóibh an ráta tairbhiúil a chur ar aghaidh chuig iasachtaithe ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBM) in Éirinn.

Ár bhFís

A bheith mar institiúid airgeadais spreagtha láidir a thugann tacaíocht airgeadais éifeachtach do GBManna na hÉireann agus a chuireann forbairt gheilleagrach an Stáit chun cinn.

Ár Misean

Tacaíochtaí éifeachtacha airgeadais a chur ar fáil do GBManna na hÉireann agus de réir a chéile d’earnálacha eile a thugann aghaidh ar theipeanna i margadh creidmheasa na hÉireann, agus iomaíochas agus nuálaíocht a spreagadh ag an am céanna agus a chinntiú go mbaintear úsáid éifeachtúil as acmhainní AE atá ar fáil.