1. Aonán tuairiscithe

Cuideachta is ea CBSÉ atá cónaitheach in Éirinn. Bunaíodh an Chuideachta de bhun Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 2014 an 12 Meán Fómhair 2014. Baineann an Chuideachta leas as foinsí maoinithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar mhaithe le maoiniú ar chostas íseal a sholáthar do GBManna na hÉireann trína cuid iasachtóirí ar aghaidh, agus rochtain ar mhaoiniú d’iasachtaithe GBM in Éirinn a fheabhsú.

Cuideachta gníomhaíochta ainmnithe phríobháideach aon chomhalta atá sa Chuideachta teoranta ag scaireanna corpraithe faoi Acht na gCuideachtaí, 2014 (Uimh. Chláraithe 549539). Is leis an Aire Airgeadais amháin scairchaipiteal eisithe CBSÉ. Tá oi g chláraithe na Cuideachta i bhFoirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 XN96.

< NÓTAÍ

NÓTA 2 >